Clár na Scoileanna Glasa

Ag obair le chéile ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe

logo clár na scoileanna glasa

Céard atá i gceist le Clár na Scoileanna Glasa?

Is é cuspóir na Scoileanna Glasa ná an Domhan a chosaint – an dúiche, comhroinnte idir eatarainn go léir – agus teastaíonn uainn go mbeidh gach duine páirteach sa mhisean seo! Cuirimid fáilte ó chroí roimh rannpháirtithe ó gach cúlra, cultúr agus eitneachas, reiligiún agus córas creidimh, cumas, claonadh gnéasach agus féiniúlacht inscne. Is clár de chuid an Taisce é Clár na Scoileanna Glasa.

Tá 256 ionaid gaelscolaíochta cláraithe le Clár na Scoileanna Glasa agus sin é 77% d’ionaid ghaelscolaíochta i bPoblacht na hÉireann (tá córas Ecoschools i bhfeidhm i dTuaisceart na hÉireann). Tá méid mór acmhainní Gaeilge foilsithe againn i mbliana ina dteannta sin na lámhleabhair nuadeartha Gaeilge, a bheidh á sheoladh againn i mí Eanáir 2026. Tá na lámhleabhair fuinnimh agus muirí ar fáil anois!

Tá na lámhleabhair ar fáil anois!

Beidh an pasfhocal a fuair tú ag tosach na scoilbhliain 2025 /2026 (thar ríomhphost) ag teastáil.
Buíochas mór ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta as an dtugra seo a maoiniú. 

Acmhainní do ghach téama!

1. Brúscar & Dramhaíl:

An gcuireann an dramhaíl ó phacáistiú lóin as do mheabhar sibh? Níl sibh i bhur n-aonar. Tá ár nOifigeach Brúscair & Dramhaíola, Róisín, i ndiadh acmhainn suantasach a chur le chéile ar gach saghas pacástiú lóin a d’fheadfadh a bheith i lón scoile agus leagann sí amach ceard í an céad céim eile leo. 

Gach Dé Céadaoin chuirfimis béim ar an bhfeactas “Dé Céadaoin gan Dramhaíl” ar na meáin sóisíalta. Roinn linn bhur n-iarrachtaí ar lá scoile gan dramhaíl! 

Faigh inspioráid anseo ó dearathóir Leah Ní Dhonnchú i leith uaschúrsála easca le déanamh ar scoil. 

2. Uisce:

Ní bheadh aon neach beo ar domhain gan uisce! Tá sé rí – thábhachtach go bhfuilimid ag cothú tuisceana agus measa ar thábhacht uisce sa saol. 

An bhliain seo, beimid ag tairiscint Comhrá ar son Uisce arís, ina mbíonn seiminéar gearr ar líne le haoíchainteoirí agus saineolaí uisce.

Breathnaigh ar an gcomhrá le dearathóir faiseain Ríon Hannora 

3. Taisteal:

Tá Oifigigh Taistil ar fud fad na tíre ag tacú le scoileanna dul i mbun taistil inbhuanaithe. Ná bíodh drogall ort ceist a chur orthu faoi acmhainní i nGaeilge. Bíonn feachtaisí agus togradh ar leith á dtairiscint le linn na bliana ar nós:

Cuirimid béim ar Chéadaoin na gCos Walk on Wednesday (WOW) 

4. Fuinneamh:

“bíonn fear feasach fuinnmhí”

Nó aon duine feasach, bíonn siad fuinnmhí! Tá neart le foghlaim againn faoi fhuinneamh, caomhnú fuinnimh, fuinneamh in- athnuaithe, na breoslaí iontaise srl. 

Déan cinnte chun a bheith linn d’Fhéile an Fhuinnimh i mí Feabhra 2026! 

Breathnaigh síor ar sheiminéar fuinnimh ón bhféile 2025

5. Bithéagsúlacht:

Céard iad na cineáil gnáthóige atá i bhur laithreán scoile? Cruthaigh mapa dóibh leis an acmhainn thíos!

Bí páirteach sa tionscnamh Gaiscíoch Gnáthóige ! Déan cinnte chun tráth na gceist a dhéanamh!

6. Téamaí na Saoránachta Dhomhanda:

Tá na Spriocanna Domhanda inbhuanaithe mar bhunchloch na téamaí Saoránachta Dhomhanda. Déan priontáil amach orthu ionas go bhfuil siad le feiceáil sa seomra ranga!

6.1. Club leabhair na Spriocanna Domhanda

6.2. Tionscadal Coiméadaithe Mara

6.3. Bimís Saor ón bPlaisteach

Tá feachtaisí agus tograidh ar bhun i ngach téama na Saoránachta Dhomhanda a cuidíonn libh dul i ngleic le hardú feasachta agus cur le réitigh na bhfadhbanna dhomhanda, céim ar chéim. 

Bí cinnte súil a caitheamh ar do lámhleabhar, atá lán le leideanna agus treoir chun an téama a chur i gcrích go smior.

Comórtaisí!

Bíonn comórtaisí á dtairiscint ag na téamaí éagsúla! Bí ag faire amach ar an nuachtlitir agus ar na meán sóisíalta atá againn. 

Na meán Sóisíalta

Bí cinnte súil a choiméad amach ar na meán sóisíalta chun nuacht Gaeilge a fheiscint! 

Seachtain na Gaeilge!

Anuaraidh bhí neart imeachtaí ar siúl againn chun an nasc idir an Ghaeilge agus an comhshaol a chur chun cinn! 

Bí cinnte chun a bheith linn le haghaidh Seachtain na Gaeilge 2026!

Ceardlann SEAI

Is féidir ceardlann SEAI a chur in áirithe linn. Is ceardlann idirgníomhach í seo le cluiche ranga, tráth na gceist agus tuirgnimh. Maireann an cheardlann thart ar uair an chloig.Tá líon teoranta éascaitheoirí a bhfuil Gaeilge acu ar fáil. Seans nach mbeimid in ann ceardlann a rith i ngach scoil sa tír. Déanfaimid ár ndícheall chun freastal ar an éileamh.

-Bunscoil Sóisearach: Naíonán mhóra - Rang 2
-Bunscoil Sinsearach: Rang 3 - Rang 6
-Iarbhunscoil
-FGL (CPD)

Oifigeach Gaeilge

Tá Oifigeach Gaeilge againn a bhfuil ann chun cuidiú le hionaid ghaelscolaíochta agus Gaeltachta na tíre an clár Scoileanna Glasa a chur i bhfeidhm ar scoil.

Tá ár nOifigeach Gaeilge ar fáil chun teangmháil a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge, chun acmhainní a chruthú nó a cur ar fáil i nGaeilge, agus oideachas comhshaoil trí mhéan na Gaeilge a chur chun cinn.

Má tá aon cheist nó aon mholtadh, ná bíodh drogall ort teangmháil a dhéanamh le Meadhbh ag

molearyfitzpatrick@eeu.antaisce.org

nó líonadh isteach an fhoirm thall.

Subscribe to our newsletter

Subscribe

* indicates required
  • Word or phrase

  • Area