Seachtain na Gaeilge 2025 le Clár na Scoileanna Glasa
1-17 Mí Márta
4ú Márta
Ceardlann Dánta le Gormfhlaith
Dé Máirt an 4ú lá, Mí Márta Am: 10.30 – 11.10 i.n. Ar líne
Eistfimid le dán nuachumtha ón bhfile cumasach, Gormfhlaith. In dhiaidh na ceardlainne beidh comórtas ann do dhaltaí a ndáin féin a chumadh agus a snoí ar théama a bhaineann leis an dtimpeallacht. Táimíd ag tnúth go mór leis na himeachta seo!
Gormfhlaith
Is file, scríbhneoir, aisteoir, feadógaí, pianódóir, amhránaí ar an sean-nós agus rinceoir seite í Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin. Tá mórán duaiseanna bainte ag a cuid scríbhneoireachta agus ceoil, agus tá a saothar le léamh i bhfoilsiúcháin éagsúla, ina measc sna cnuasaigh Lampa ar Lasadh: Gradam Mháire Mhac an tSaoi agus Washing Windows Too: Irish Women Write Poetry, san iris Feasta, in Comhar, in Aneas, in Poetry Ireland Review, sa Stinging Fly agus sa Ghairdín.
Dul I dteangmhal lenár Oifigeach Gaeilge, Meadhbh , má tá aon cheisteanna agat molearyfitzpatrick@eeu.antaisce.org
Breathnaigh ar na himeachtaí go léir le tíocht le linn Seachtain na Gaeilge agus le linn Mí Márta
10ú Márta
Scéalta na gCrann le LEAF Ireland agus Scoileanna Glasa
11:00 AM
Béimid ag cur in aithne na crainn dúchasach atá gníomhach ag an am seo don bhliain, na próiseas a bhfuil ag cabhrú leo bheith ag fás agus na scéalta a thugann said dúinn.
Tá an imeacht seo dírithe ar dhaltaí bunscoile sínsearach, ach beidh rud le foghlaim agus taineamh le bhaint do gach duine. Fáilte roimh chách.
11ú Márta
Comhrá ar son Uisce 3
Dé Máirt an 11ú Marta Am: 12-12:30 i.n. Ar líne
Tá sceitimíní orainn an tríú comhrá ar son Uisce a chur in iúl daoibh. Beidh an Dearthóir Faiseain mór le rá Ríon Hannora linn chun cainte a dhéanamh ar thábhacht laghdú ar thomhaltas an Fast Fashion agus féidireachtaí cruthathacht na dtruflaise! Thánaig cliú agus cáil uirthí in dhiadh Corset nuacheapadh a chur amach ar an tsaol! Do Ghléas sí na realtaí móra ar nós Kate Nash, CMAT, agus an girl-band traid Biird.