“Fan sa Bhaile” – Uisce
Bheartaíomar Gaeilge a chur ar roinnt dár ngníomhaíochtaí uisce “Fan sa Bhaile”. Anois is féidir le do chuid leanaí spraoi a bhaint as na gníomhaíochtaí oideachasúla seo i nGaeilge, gníomhaíochtaí a mhúinfidh gach rud faoin uisce dóibh – cé chomh luachmhar is atá sé agus cén chaoi ar féidir linn uile ár gcion féin a dhéanamh le hé a shábháil. Beidh gníomhaíocht nua againn gach lá le linn Seachtain na Gaeilge 2021. Seo an chéad cheann:
Gníomhaíocht an Luain 1/3/21: – Gníomhaíocht ar an nGalú
Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil
Fáilte chuig gníomhaíochtaí uisce #FanSaBhaile le Clár na Scoileanna Glasa! An raibh a fhios agat go bhfuil níos mó uisce stóráilte in atmaisféar an Domhain ná mar atá stóráilte sna haibhneacha uile le chéile?! Cliceáil ar an nasc le tabhairt faoi ghníomhaíocht ar an ngalú.
Gníomhaíocht na Máirt 2/3/21: – Dúshlán an Chithfholctha
Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil
Is é Dúshlán an Chithfholctha smaoineamh an lae inniu. Foghlaimeoidh tú faoin méid uisce a úsáidtear le haghaidh cithfholcthaí, tabharfaidh tú buille faoi thuairim faoin méid ama a chaitheann tú sa chithfholcadán agus cuirfidh tú am ort féin lena fháil amach cé mhéad uisce a úsáideann tú féin. Cé chomh gar is a bheidh do bhuille faoi thuairim, meas tú? Cé a shábhálfaidh an méid is mó uisce i do theachsa? Cliceáil anseo le glacadh leis an dúshlán.
Gníomhaíocht na Céadaoin 3/2/21: Níochán Cairr Éiceabhách
Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil
An bhfuil ionsaí ón aer á dhéanamh ag éin ar do charr? Má tá, bain triail as Níochán Cairr Éiceabhách leis an bhfód a sheasamh ina n-aghaidh! Cliceáil ar an nasc le tuilleadh a fhoghlaim agus le glacadh leis an dúshlán!
Gníomhaíocht an Déardaoin 4/3/21: – Siúl ar Thóir an Uisce
Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil
Ní mór dúinn ar fad ár lámha a ní go rialta anois go bhfuil Covid-19 ag dul thart, ach céard faoi na daoine i dtíortha áirithe a chaithfidh siúl i bhfad chun teacht ar uisce glan? Inniu táimid chun tuilleadh a fhoghlaim faoi sin, rud éigin a dhéanamh agus feasacht air a fheabhsú trí dhul ag siúl ar thóir an uisce.
Gníomhaíocht na hAoine 5/3/21 – Do Phlanda Féin a Chur
Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil
Foghlaim faoi phlandaí, an tábhacht a bhaineann leo agus cén chaoi ar féidir aire a thabhairt dóibh agus uisce a shábháil ag an am céanna! Beidh deis agat do phlanda féin a chur chomh maith!
Cloígh i gcónaí leis na treoirlínte sábháilteachta Covid-19 ó FSS agus gníomhaíochtaí de chuid Chlár na Scoileanna Glasa á ndéanamh agat.