“Fan sa Bhaile” – Uisce

Bheartaíomar Gaeilge a chur ar roinnt dár ngníomhaíochtaí uisce “Fan sa Bhaile”. Anois is féidir le do chuid leanaí spraoi a bhaint as na gníomhaíochtaí oideachasúla seo i nGaeilge, gníomhaíochtaí a mhúinfidh gach rud faoin uisce dóibh – cé chomh luachmhar is atá sé agus cén chaoi ar féidir linn uile ár gcion féin a dhéanamh le hé a shábháil. Beidh gníomhaíocht nua againn gach lá le linn Seachtain na Gaeilge 2021. Seo an chéad cheann:

Gníomhaíocht an Luain 8/3/21 – Tóraíocht Uisce Fhíorúil

Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil

Inniu táimid chun foghlaim faoin “uisce fíorúil” agus buille faoi thuairim a thabhairt faoin méid uisce atá i ngnáth-tháirgí atá sa bhaile agat. Cliceáil anseo leis an scéal a fhiosrú. #FanSaBhaile le Clár na Scoileanna Glasa

Cliceáil anseo leis an ngníomhaíocht a íoslódáil

Gníomhaíocht na Máirt 9/3/21 – Turgnamh ar Thruailleáin Fholaithe

Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil

Is éasca bruscar a fheiceáil, ach céard faoin #truailliú nach féidir a fheiceáil? Léirítear sa turgnamh spraíúil seo an chaoi a bhfuil truailleáin cheimiceacha sna haibhneacha agus sna locha nach féidir leat a fheiceáil le do dhá shúil féin i gcónaí.

Cliceáil anseo leis an ngníomhaíocht a íoslódáil

Gníomhaíocht na Céadaoin 10/3/21 – An Bád a Chur go Tóin Poill

Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil

Cén fáth a dtéann rudaí áirithe faoin uisce ach fanann rudaí eile ar an mbarr? Sa turgnamh seo, tógaimid báid dár gcuid féin as scragall stáin d’fhonn an cheist sin a fhreagairt. Cé mhéad a bheidh do bhád in ann a iompar? 😉

Cliceáil anseo leis an ngníomhaíocht a íoslódáil

Gníomhaíocht an Déardaoin 11/3/21 – Turgnamh na gCeirtíní Taise

Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil

Má shruthlaítear ceirtíní taise síos sa leithreas, féadfar píopaí a thachtadh, saoráidí cóireála a chur ó mhaith agus dochar a dhéanamh don chomhshaol.
Faigh amach cén chaoi a dtarlaíonn sé sin i dTurgnamh na gCeirtíní Taise. #SmaoinighRoimhShruthlú

Cliceáil anseo leis an ngníomhaíocht a íoslódáil

Gníomhaíocht na hAoine 12/3/21 – Turgnamh an Mhéadair Báistí

Aoisghrúpa molta: Bunscoil agus Meánscoil

Cén chaoi a bhfuil a fhios againn an raibh ní ba mhó báistí ann i mbliana ná anuraidh?
Cén chaoi a ndéanaimid an méid báistí a thomhas?
Is féidir méadar báistí a úsáid.
Íoslódáil na treoracha anseo le ceann de do chuid féin a thógáil:

Cliceáil anseo leis an ngníomhaíocht a íoslódáil

Cloígh i gcónaí leis na treoirlínte sábháilteachta Covid-19 ó FSS agus gníomhaíochtaí de chuid Chlár na Scoileanna Glasa á ndéanamh agat.