Tá ríméad an domhain ar Scoileanna Glasa go bhfuil daltaí agus múinteoirí ar ais ar scoil. Is léir go mbeidh a lán athruithe le teacht ar an lá scoile i mbliana, agus tuigimid go cruinn na dúshláin atá amach romhaibh. Tosaíocht de gach scoil is ea sabháilte ag geataí na scoile, agus teacht le chéile daoine a sheacaint. Mar sin, tá níos mó tábhacht ag baint le taisteal gníomhach ná riamh roimhe seo, mar gheall ar an easpa spás a bhaineann le líon mór feithiclí os comhair na scoile.

Leanann bhur n-Oifigí Taisteal ar fud na tíre ar aghaidh ag obair go crua, ag forbairt acmhainní nua agus bealaí nua chun teagmháil a dhéanamh le scoileanna go sábháilte, ar líne, amuigh faoin aer agus sa seomra ranga. Tá siad ag fanacht chun dul i dteagmháil le scoileanna go dtí go mbeidh iad siúd i dtaithí ar an ngnáthamh nua. Ach idir an dá linn, is féidir le scoileanna smaoinigh ar fheabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le gluaiseacht daoine laistigh de amanna fágála/bailithe.

San fhíseán nua thíos, déantar cur síos ar gníomhaíochtaí an Téama Taistil agus na bealaí éagsúla inar féidir libh taisteal ar scoil gan a bheith ag brath go hiomlán ar an gcarr. Is féidir é a thaispeáint do dhaltaí mar réamhrá don téama nua. Aithnímid nach mbeidh sé seo indéanta i ngach cás, ach beidh bhur n-Oifigeach Taisteal i dteagmháil go luath le smaointí eile maidir le ardú feasachta agus mar sin de.